Ionad Léirithe/Mínithe Gaeilge/Gaeltachta

Is léir ón méid airde a fhaigheann físeáin TG Lurgan  (30 milliún seinm  –  15 ar ár gcainéal fhéin agus an mhéid chéannna ar chainéil eile) ó dhaoine thar lear go mbreathnaítear go fábharach ar an nGaeilge. Théis gur anseo I gConamara ata sí I mbarr réimre níl aon ionad eolais/mínithe/ léirithe fuithi do chuairteoirí. Dhéanfadh sé go leor céille a leithéad d’ionad a chomhlonnú i bhfoirgneamh ina mbeadh tograí teanga-lárnaithe oideachasúil, sóisialta &  cultúrtha.

Ba é sin an smaointeoireacht curtha san áireamh i bpleanáil foirgneamh nua an Chnoic.

int6 int1

Nuashonra is deireanaí