Lár-Ionad Náisiúnta Oideachais Gaeilge.

Níor éirigh riamh leis Lár-Ionad Náisiúnta Oideachais Gaeilge a bhí beartaithe ó thús na mílaoise.

 

11

Costas athchóirithe na scoile i mBaile Bhuirne ceann de na príomh-chonstaic.

ballyvourney2_0

Tá gá níos mó na riamh le forbairt leanúnach a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear an teanga i láthair agus a thacaítear le foghliaimeoirí ag gach aon leibhéal.

Ba cheart breathnú ar ionad dá leithéad a lonnú sa bhfoirgneamh nua ar an gCnoc.

Cé’s muite den thréimhse trom úsáide i rith an tsamhraidh d’fhéadfaí, gan aon stró, aonad taighde, forbartha, tréanála a lonnú sa bhfoirgneamh.

Braithtear go bhfuil todhchaí na gcúrsaí Gaeltachta agus sár-mhúineadh na teanga labhartha sa gcóras oideachais fite fuaite ann chéile agus dhéanfadh sé an-chiall obair na gcúrsaí Gaeltachta a chomhnascadh le hobair na scoile. 

Nuashonra is deireanaí