Tuairimí ginearálta bainisteora an Colaiste Gaeilge

Tá mé anois ocht mbliana déag ag bainistiú an Choláiste Gaeilge go lán-aimseartha. Níor shíl mé agus mé ag tosú amach go mbeinn an t-achar seo sa jab don chuid is mó tá go leor faoi a thaitníonn liom.

Tá an bun-fhoirmle sách simplí – dírigh i gcónaí ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus tá sé deacair dul amú. Sí an eochair le dul i gcion ar fhoghlaimeoirí óga ná a bheith fáilteach, tuiscineach, cabhrach leo agus neart deiseanna a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar an mbun-spéis a bhíonn ag a bhformhór acu fáil isteach ar an nGaeilge.

Airím go minic nach n-aithnítear  an combhá suntasach atá ann i leith na teanga agus go gcuitear an iomarca béime ar a bheith á brú seachas a bheith ag iarraidh daoine atá báúil  di a chuir ar a gcompord fuithi agus ceadú dá misneach meadú. .

Glactar leis, gan aon cheist, gur buntáiste mhór í d’aon fhoghlaimeoir tréimhsí ama a chaitheamh i gceantar Gaeltachta.

Tá easnamh ann, áfach, nach bhfuil na taithí Gaeltachta seo comhtháite le haidhmeanna & barrmhianta an tsiollabais náisiúnta Gaeilge maidir le cainteoirí múiníneacha misniúla a chumascú. Dá ndéanfaí seo chuirfí go mór le fíorluach oideachasúil na gcúrsaí Gaeltachta.

Ionaid barr feabhais i bhfoghlaim na teanga an sprioc ar cheart a bheith ag colaistí Gaeilge, agus ba cheart an chaoi a rithear  iad a bhunú ar na cur chuigí is mó a théann i gcion ar fhoghlaimeoirí.

Tá dhá dhushlán mhóra romhainn faoi lathair.

  • Plean forbartha fadbhreathnaitheach dona cúrsaí Gaeltachta a aontú idir na páirtithe leasmhara go léir.
  • Foirgneamh don 21ú aois ina n-aireoidh óg agus aosta ar a gcompord ann. Áit a bheadh in ann tacú go laidir leis an oideachas tré dhíriú ar na gnéithe sóisialta is mó a imríonn tionchar ar iompar teanga.

Tá sé 12 bliain ó thosaigh muid ag ardú na ceiste faoi fhoirgneamh nua agus chuige sin, i gcomhair le hÚadarás na Gaeltachta, fuair muid cead tógála do fhoirgneamh nua ar shúiomh an Chnoic i2007. Bhí agus tá i gcónaí, an tuairim ann go bhfuil an plean ró-uaillmhianach agus gur cheart é a mhaollú ach ní thagaim ar chor ar bith leis an dearcadh sin.

Nuair a chuirtear na heasnaimh & riachtanais áitiúla leis na deiseanna & féidearthachtaí breise a thiocfadh le foirgneamh nua feictear nach bhfuil aon cheo áiféiseach faoin bhfís ar chor ar bith.

Foirgneamh ina mbeadh an coláiste Gaeilge, tograí oideachasúil eile a bheadh teanga lárnaithe, bialann / caifé, ionad glacaíochta, ionad do dhéagóirí,7rl…. comhlonnaithe.

 Ní hé seo an t-am le bheith coimeadach nó ciúin. Ní thagann deiseanna mar seo chun bhealaigh ach go fíor anamh. Pé cinneadh a dhéanfar faoin bhfoirgneamh seo beidh tionchar ollmhór aige ar thodhchaí na teanga sa bporóiste seo.   Má tá tuairim agat faoin bhfoirgneamh ná coinnigh agat fhéin é, ná bí i do thost faoi. Anois an t-am labhairt amach agus do chuid a rá.

Nuashonra is deireanaí