Coláiste Lurgan

/ Catagóir: Foirgneamh

Mile buíochas faoi an deis ár dtuairimí a thabhairt faoi áit suite Coláiste Lurgan faoi láthair.

Ón ár dtaithí le blianta anuas faoi Rogha Imeachtaí Pastime Chonamara, tá sé soiléir go bhfuil an tóir ar a leithéid do Eagraíocht a bheith gníomhach i gCois Fharraige agus áit nó spás buan a bheith againn ó ceann ceann na bliana, mar a bheadh muid ag iarraidh san Ionad seo agus mar a pléadh agus a aontaíodh ag na cruinnithe a bhí ann cúpla bliain ó shoin.

Ceapann muid fós go bhfuil an iomarca airgid i gceist nuair is féidir ballchríoch a chuir ar i bhfad níos simplí agus níos saoire ar leas an phobal ar fad.

Molann muid gur don phobal ar fad a chónaíonn i gceanntar Chois Fharraige a bheadh sé dírithe  agus tús áite tughta do Eagraíochtaí nach bhfuil aon áit seasmhach acu sa gceanntar faoi láthair agus go bhfuil éileamh orthu i ranna éagsúil sóisialta, caitheamh aimsire agus oideachas praiticiúil pobail agus freastal a dhéanamh ar an pobal ar fad.

Molann muid go mbeadh Uinéireacht agus Bainistiú an Ionaid faoi Coiste Cómh Lárnach le Baill as na hEagraíochtaí  ar fad a bheadh ag úsáid an Ionad  agus Cathaoirleacht Neamhspleách ó Údarás na Gaeltachta a thuigeann cúrsaí go praiticiúil ionas go mbeadh Cómh Cothromaíocht agus dhulais ar caiteachas airgead poiblí le feiceál do leas na ndaoine ar fad

Molann muid gur ‘Pluais an Phobail’ an tainm greannta a bheadh ar an Ionad agus chuile Grúpa eile mar ghéag ar an gcrann sin.

Le buíochas ,

Máirtín Davy,

Seán Ó Drisceóil,

Pastime Chonamara

091 593311

087 6998369

 

Nuashonra is deireanaí