Is forbairt na gné oideachais an eochair agus ba cheart seo a bhunú ar chur chuigí a théann i gcion go mór ar fhoghlaimeoirí.
Ionaid barr feabhais i bhfoghlaim na teanga an sprioc ar cheart a bheith ag colaistí Gaeilge, ina mbeadh chuile pháirtí ag obriú as lámh a chéile chun an tacaíocht, cúnamh agus treoir is fearr a thabhairt.
Níl muid ró-fhada ón idéal seo ach teastóidh fís agus fios gnóithe chun teacht i dtír air.
Níl na t-eolas ar fad, na freagraí go léir nó an monopoly ar an dea-chleachtas is fearr ag aon dream ar leith ach níl sé ródheacair na cur chuigí is fearr a aimsiú agus tógáil orthu.
4 Chéim Chun Cúrsaí Gaeltachta a Chur in Oiriúnt don 21ú Aois
1. Bunaigh bord stiúrtha deonach ar a mbeidh ionadaíocht cothrom ag Mná Tí, Na Ranna Stáit (Oid. & Gaeltacht), Bainistíocht na gCol. Gaeilge / Comhairle na dTuismitheoirí / Múinteoirí Gaeilge / Eagraíochtaí Gaeltachta etc …
2. Béimigh go mór, i gcomhair leis an Roinn Oid., an ghné oideachasúil. Rith cúrsaí oiliúna & tréanála do phríomhoidí, múinteoirí, mna tí, cúntóirí agus cinnirí tí.
3. Fostaigh sár-mhúinteoirí Gaeilge, le taithí mhaith ar chúrsaí Gaeltacha, ar bhun iasachta (dhá bhliain) chun ábhair teagaisc & ardáin foghlamtha a fhorbairt. Seasadh coláistí Gaeilge 50% den chostas agus an Roinn Oid. An 50% eile.
4. Comhordaigh obair na cúrsaí Gaeltachta le hobair na scoile chun luach oideachasúil na gcúrsaí a mhéadú go mór.
Braithtear go bhfuil todhchaí na gcúrsaí Gaeltachta agus sár-mhúineadh na teanga labhartha sa gcóras oideachais fite fuaite ann chéile. Feictear dhom gur game changer a bheadh ann do chúrsaí Gaeltachta & oideachas na Gaeilge dá mbeadh ról forbortha gníomhach ag an Roinn Oideachais sa ngné oideachasúil dona coláistí Gaeilge.