Bíonn muid ag iarraidh an oiread achair agus is féidir a chuir idir an taithí scoile agus an ceann Gaeltachta. Ba mhaith linn a cheapadh (tá an t-aiseolas dearfach) go mbraitheann ár bhfoghlaimeoirí é sin go láidir. Bheadh deis againn i bhfoirgneamh nua seomraí teagaisc spéisiúla, ionpioráideacha a dhearadh. Thabharfadh seo teachtaireacht shoiléir, cinnte go bhfuil an cur chuige go hiomlán difriúil ó cheann na scoile i.e. ag foghlaim na Gaeilge ar mhaithe leí fhéin seachas ar mhaithe le scrúdaithe.
Thógfadh seo roinnt mhaith samhlaíóchta agus iarrachta ach b’fhiú go mór an t-anró ar mhaithe le imprisean an-dearfach a dhéanamh.
Tá na toisí na seomraí breá fairsing agus is féidir éagsúlacht a bheith eatharu ar fad trí throscán, soilsiú etc difriúil a úsáid.
Bheadh cúpla seomra le troscán socraithe ach don chuid is mó bheadh an troscán inaistrithe.
D’fheilfeadh leagan amach na semraí seo foghlaimeoirí as chuile aois ghrúpa idir óg agus aosta.