Menu

  • Baile
  • Cén Chaoi Postáil?
  • Faoin Suíomh
  • Logáil Isteach
  • Cláraigh
  • Baile
  • Cén Chaoi Postáil?
  • Faoin Suíomh
  • Logáil Isteach
  • Cláraigh

Faoin Suíomh

Céard atá i gceist leis?

Blag inár féidir le haon pháirtí, grúpa nó duine a gcuid tuairimí, smaointe, mianta i dtaobh an fhoirgnimh nua ata le tógail ar shuíomh Cholaiste Lurgan, ar an gCnoc, a phostáil.
Caithfear clárú leis an mblag (ní thógann seo ach leath nóiméad) chun postáil agus is féidir íomhánna & físeáin a bheith mar chuid den phost.
Dhéanfar measarthacht ar chuile phost sula gcuirfí poiblí iad. Is dóigh go gcaithfidís a bheith ar an mór-chuid as Gaeilge agus a bheith bainteach ar bhealach éicint leis an bhfoirgneamh –seachas sin níl aon critéir eile.
Beidh daoine in ann tagairtí a dhéanamh ar phostanna ach logáil isteach ag úsáid cuntais FB/ Twitter etc.

Ceisteanna ata le cuir:

Cé dhó …?  Céard air ……?  Cén úsáid …..,

Cén chaoi …..? Cé air  ……? Céard iad …. ? An féidir…?

Ar cheart …? Céard é …? Nach mbeadh …?  An dteastaííonn….. ?

Tuairimí le tabhairt:

Cén fáth nach mbeadh …., teastaíonn ….., cheapfainn ….. feictear dhom ….. Tóg san áireamh ……

Mianta le nochtadh

Ba mhaith liom ….. Bheadh sé iontach ….. Nach mbeadh …….

Cé a bheas ag postáil?

Beidh Col. Lurgan ag postáil faoi 1)An foirgneamh atá ceadaithe a thógáil 2) Múnla úineireachta – mór-bhainistiú a ritheadh linn 3) úsaidithe eile, seachas cúrsaí traidisiúnta an tsamhraidh, a shamhlódh muid leis an bhfoirgneamh 4) an t-allúntas lóistín ata ceadaithe sa gceadúnus tógala etc ….

Bheithfí ag súil le hinchuir uaidh:

  • Eagraíochtaí: Cumann Forbortha, CLG, Club Óige, Comharchumann etc..
  • Grúpaí: Mna tí, tuismitheoirí, gnólachtaí aitiúla, lucht turasóireachta etc..
  • Eagraíochtaí Stáit: Thabharfaí cuireadh dhóibh léargas ginearalta (ní saineolas) a thabhairt agus aon smaointeoireacht chruthaitheach a ritheadh leo.
  • Daoine aonracha: Idir óg agus aosta.

Céard í an chuspóir?

An chuspóir ná tús a chuir le próiseas chun teacht ar an gcomhdhearcadh (consensus) is leithne maidir leis an bhfoirgneamh nua.
‘Sí an chéad chéim ná an líon is mó &leithne de tuairimí a fháil. Thabharfaí an luach céanna do chuile mholadh/dearcadh. Tuairimí oscailte, ionraice, neamhspléacha a theastaíonn.
Siad an tsamhlaíocht, cruthaíocht & nualaíocht, airgeadra nua na linne seo agus buíochas le Dia níl aon ghanntanas de na tréithe seo i gCois Fharraige.
Agus muid ag iarraidh smaonteoireacht nua a fhorbairt tá sé tábhachtach nach mbeadh muid teorannta ag na sean-cheanna.

Nuashonra Is Deireanaí

  • Coláiste Lurgan
    Mile buíochas faoi an deis ár dtuairimí ...
  • Seomra (cleachtadh) Ceoil
    Tuigeann muid ar fad an tábhacht a bhaineann leis na meáin agus cur chun cinn teanga. 
  • Cead Tógála go deireadh 2017
    Seo léaráidí 3D den foirgneamh atá cead a thógáil ar shuíomh an Chnoic. Tosaíodh ar an bplea
  • Den na nDéagóirí
  • Allúntas Lóistín
    Tá 8 gcinn d'árasáin dhá sheomra codalta mar chuid den chead tógála. Is ar dhaoine fásta s
  • Pleananna Urláir
    Tá íoslach, bun-urlár, agus dhá urlar eile sa bhfoirgneamh. Ní raibh an pháirc trasna na ha
© Copyright 2016. Indreabhan 2020. All Rights Reserved. Web design by: SuperPixel
This website uses cookies to improve your experience. We'll assume you're ok with this, but you can opt-out if you wish.Accept